Cé sinn?
Tugann Comhairle Saoránach cuidiú le daoine chun a gcuid fadhbanna fiachais, sochair, tithíochta, dleathacha, idirdhealaithe, fostaíochta, inimirce, tomhaltacha agus eile a réiteach, agus an tseirbhís ar fáil do gach duine gan aird ar chine, inscne, gnéasacht, aois, náisiúntacht, míchumas nó creideamh.
Tá Comhairle Saoranach ceangailte le Comhairle Saoránach Shasana agus na Breataine Bige agus Comhairle Saoránach na hAlban, rud a chiallaíonn gurb é an líonra comhairleach sa Ríocht Aontaithe agus 60 bliain taithí aige. Comhoibríonn Comhairle Saoránach leis an mBord um Fhaisnéise do Shaoránaigh (Comhairle a thugtaí air) i bPoblacht na hÉireann chun comhairle agus eolas trasteorann a sholáthar, agus le chéile d’fhorbair siad an bonn le haghaidh seirbhíse comhairlí uile-oileáin.
Is carthanas cláraithe é gach Bureau Comhairle Saoránach atá ag brath ar chomhairligh oilte (íoctha agus sarálaithe) agus maoinithe ag airgead ó chomhairlí áitiúla, an Crannchur Náisiúnta, iontaobhais charthanacha, cuideachtaí, daoine aonair agus eile chun seirbhís fhíorthábhachtach a sholáthar agus a chothabháil do phobail áitiúla.
Aidhmeanna CAB
Lena chinntiú nach bhfulaingíonn daoine aonair trí:
- Easpa eolais ar a gcearta agus a bhfeagrachtaí;
- Easpa eolais ar na seirbhísí ar fáil dóibh;
- Míchumas orthu a gcuid riachtanas a chur in iúl go héifeachtach;
- Agus tionchar freagracht a bheith acu ar fhorbairt de sheirbhísí sóisialta go háitiúil agus go náisiúnta.
Luachanna CAB
Tá seirbhís CAB:
- Tiomanta do shochaí chóir go sóisialta, fhulangach agus iolraíoch;
- In aghaidh gach cineál leithcheala;
- Ina fhostóir comhdheiseanna a chuireann fáilte roimh rannpháirtíocht ó mhionlaigh eitneacha agus creidimh ag gach leibhéal na heagraíochta.