Cad a dhéanaimid?

Is féidir le comhairligh CAB cuidiú a thabhairt do dhaoine ar dhóigheanna éagsúla chun fadhb a réiteach. Ní ordaíonn comhairligh cliaint, ach míníonn siad na roghanna agus na torthaí féideartha i dtaca le gníomhaíochtaí éagsúla. Spreagtar cliaint a gcinntí féin a dhéanamh agus feidhmiú ar a son féin. Cuirimid ar chumas na gcliant a bhfadhbanna féin a bhainistiú trí aird a dhíriú ar a gcuid riachtanas mar dhaoine aonair.

Is féidir le comhairligh CAB, atá uile oilte:

  • Agallaimh a chur ar chliaint tul i dtul agus ar an teileafón lena bhfadhb(anna) a fháil amach; 
  • Ár mbunachar eolais atá nuashonraithe go rialta a rochtain le haghaidh eolais atá cothrom le dáta; 
  • Cuidiú le cliaint idirbheartú le cuideachtaí nó le soláthróirí seirbhísí, mar atá creidiúnaithe, nó chun achomharc in éadan cinntí, mar shampla, éilimh ar shochar slándála sóisialaí; 
  • Litreacha a scríobh nó glaoch ar chuideachtaí agus ar sholáthróirí seirbhísí ar son cliant; 
  • Cuidiú le cliaint a gcuid fadhbanna a chur in ord tosaíochta, mar shampla, le fáil amach cad iad na fiachais is tábhachtaí;
    • Cuidiú le cliaint foirmeacha a chomhlánú, mar shampla, chun sochair shlándála shóisialacha a éileamh; 
  • Seasamh do chliaint sa chúirt agus ag binsí; 
  • Cliaint a atreorú chuig oibrithe cásanna leithleacha speisialtóirí i dtaca le fadhbanna casta, nó chuig gníomhaireachtaí eile nuair is cuí.

Bí Eolach ar do Chearta

Soláthraíonn ár gcomhairligh oilte saineolas agus sainchomhairle ar 14 réimse éagsúla an dlí, lena n-áirítear ceisteanna tomhaltóirí, reachtaíocht fhostaíochta, sochair shlándála shóisialacha, comhairle airgeadais, sláinte, cearta tithíochta agus cúrsaí eile dlí.

Prionsabail na Comhairle CAB

Cuirtear comhairle ar fáil ó 30 príomhoifig agus ó breis agus 120 ionad eile, agus é:

  • saor in aisce – ní gá do dhuine ar bith íoc as aon chuid den tseirbhís a sholáthraimid; 
  • neamhchlaonta – ní dhéanaimid breithiúnas ar ár gcliaint agus ní dhéanaimid toimhdí fúthu. Tá ár seirbhís ar fáil do gach duine agus caithimid le gach duine go cothrom; 
  • faoi rún – ní  thabharfaimid aon eolas a fhaighimid ó chliant nó fiú go raibh siad linn – gan cead uathu; 
  • neamhspleách – bímid ag feidhmiú i gcónaí ar mhaithe lenár gcliaint gan tionchar ó chomhlachtaí lasmuigh.

Príomhfhíricí

  • Bíonn tionchar ag obair Chomhairle Saoránach ar shaolta dhaoine ar dhóigheanna éagsúla – trí chomhairle a thabhairt, feachtais, oiliúint scileanna saor in aisce do shaorálaithe, daoine aonair a chumasú, ioncaim a mhéadú agus a thuilleadh. 
  • Tá an córas faisnéise leictreonaigh atá nuashonraithe go rialta a úsáideann ár gcomhairligh gan sárú mar gheall ar a fhairsinge, a dhoimhneacht agus a cháilíocht. 
  • Is í an chomhairle a thugaimid an chéad san earnáil chomhairle ar a rinneadh iniúchadh le haghaidh cáilíochta. 
  • Is foinse tionchair í Comhairle Saoránach, a bhfuil meas uirthi, ar bheartas áitíuil agus náisiúnta trí fhianaise fhadhbanna ár gcliant a úsáid chun dul i mbun feachtais le feabhsúcháin ar bheartais agus ar sheirbhísí a bhaint amach. 
  • Táimid ag brath ar shaorálaithe cuidiú le seachadadh de chomhairle ardchaighdeáin neamhchlaonta ar a bhfuil ár gclú agus ar gcáil bunaithe. Ta breis agus 460 saoralaí againn i róil éagsúla; mar chomhairligh oilte, baill choistí bainistíochta agus riarthóirí. Téann a lán dár saorálaithe ar aghaidh chuig fostaíocht íoctha nó oideachas lánaimseartha. Má tá suim agat i ról mar shaorálaí linn, déan teagmháil le do CAB áitiúil.