Ár Stair

Is féidir stair CAB a lorg siar go 1941, nuair a maraíodh beagnach 1,000 duine in dhá aer-ruathar i mBéal Feirste. D’iarr Údarás na Cosanta Sibhialta ar Chomhairle an Leasa Sóisialta Bhéal Feirste (BCSW) ionaid fhaisnéise a bhunú sa chathair. D’iarr an BCSW ar Mrs. Audrey Irwin ionad faisnéise a bhunú do na daoine sin a raibh a fadhbanna acu, mar atá saighdiúirí ar iarraidh i mbun feidhmithe a lorg, liúntais chiondála agus teagmháil a dhéanamh le Príosúnaigh Chogaidh. Na fadhbanna eile a bhí coitianta ag an am siúd, tá siad chomh coitianta sin sa lá inniu, lena n-áirítear athruithe nua dlí ar sholáthar phinsin, riaráistí cíosa agus íosbartaigh taismí ag fiosrú faoi chúiteamh.

Ba é Bureau Chomhairle Saoránach, a bunaíodh in oifig an BCSW, an t-ionad as a raibh eolas agus comhairle soláthraithe. Bhí deontas a thug Aireacht na Slándála Poiblí ina chuidiú leis na costais reatha. Tar éis an chogaidh,  tháinig an deontas seo, cosúil leo siúd i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Albain, chun deiridh. D’aontaigh Bardas Bhéal Feirste le ranníocaíocht a dhéanamh mar chuidiú leis na costais le bureau comhairle a chothabháil sa chathair, mar aitheantas ar an obair luachmhar a bhí ar siúl sa trasdul ó chogadh go síocháin. Ach, ag an am siúd nó raibh ceangal foirmiúil ar bith leis an tseirbhís CAB sa Bhreatain.

Thar na blianta, mhol coistí éagsúla gníomhaireachtaí faisnéise agus comhairle a bhunú, mar gheall ar an tábhacht a bhíodh le tuiscint a bheadh ag daoine ar na castachtaí de sholáthar i ngach gné den saol. Mar gheall ar mholtaí ó Choiste Maloney i 1962, bhí réimse iomlán nua d’fhiosrúcháin ag Bureaux Chomhairle Saoránach. Bhí inmní ar an gCoiste maidir le rochtain ar chomhairle agus eolas imleor do thomhaltóirí, agus dúirt sé, “the consumer ought to know or be able to find out what her/his rights are and against whom s/he can maintain them”.

Mar thoradh ar mholtaí an Choiste Maloney, aontaíodh gur chóir don Bhord Trádála deontas a thabhairt do Chomhairle Náisiúnta na Seirbhíse Sóisialta (NCSS) chun an tseirbhís CAB a fhairsingiú sa Bhreatain. I dTuaisceart Éireann, bhí freagracht ag an Aireacht Tráchtála an Tuarascáil Maloney a chur i bhfeidhm. Thairg sé deontais don BCSW chun oibrí pairtaimseartha a fhostú, agus do Chomhairle na Seirbhíse Sóisialta Thuaisceart Éireann (NICSS) chun Bureaux Chomhairle Saoránach a chur chun cinn ar fud Thuaisceart Éireann.

Mar sin, i 1964, d’oscail BCSW CAB i Sráid Bryson i mBéal Feirste. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí méadú socair ar an líon fiosrúchán, mar aon leis an líon bureaux a bhí á n-oscailt.

Bhí athrú ar struchtúr eagraíochtúil Seirbhíse na Comhairle Saoránach i dTuaisceart Éireann thart faoin am seo. Sa Bhreatain, fuair National Citizens Advice Bureau Council (NCABC), a raibh freagracht aici le haghaidh eagraithe na Bureaux Chomhairle Saoránach i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, neamhspleáchas ón NCSS, agus ina dhiaidh sin athainmníodh é mar National Association of Citizens Advice Bureau (NACAB). Ag an am sin, ní raibh coiste réigiúnach ar leith ag bureaux Thuaisceart Éireann a bhí inchomparáide leo siúd sa Bhreatain. I 1972, áfach, rinneadh an cinneadh ceann a bhunú chun cainéal cumarsáide a sholáthar idir Bureaux Chomhairle Saoránach áitiúla agus an NICSS, agus le cead a thabhairt do gach bureau páirt a ghlacadh i bpróiseas déanta beartas na seirbhíse go léir. Mar sin, i 1974 bunaíodh Comhlachas Thuaisceart Éireann de Bureaux Chomahirle Saoránach (Comhairle Saoránach) mar an comhlacht comhordúcháin do bureaux Thuaisceart Éireann.

Chun neamhspleáchas na bureaux a choinneáil – mar áit a raibh eolas agus comhairle ar fáil saor in aisce do gach duine – fuair na bureaux neamhspleáchas ó na comhlachtaí éagsúla faoina raibh siad ag feidhmiú, agus céim neamhspleáchas eile ina dhiaidh sin i 1984. Mhol an DHSS gur chóir go mbeadh an NICSS ainmnithe mar Northern Ireland Council for Voluntary Action (NICVA) agus go n-aistreofaí gach freagracht don tSeirbhís CAB chuig Comhairle Saoránach. Dá bhrí sin, ar 1 Aibreán 1984, tháinig Comhairle Saoránach ina cuideachta neamhspleách teoranta a raibh a bhunreacht féin aige, 100% dá mhaoiniú á fháil ón Roinn Oideachais do Thuaisceart Éireann. (DENI). Sa lá inniu, tá sé ar na heagraíochtaí deonacha is mó i dTuaisceart Éireann, agus Oifig Réigiúnach i mBéal Feirste, 29 oifig áitiúla agus 120 ionad eile aige.

Le blianta beaga anuas, bhí fás agus forbairt shuntasach ar CAB i dTuaisceart Éireann. Bhí Comhairle Saoránach chun tosaigh in úsáid ríomhairí in obair chomhairleach, chuir sé creidiúnú d’oiliúint chomhairle i bhfeidhm agus d’fhorbair sé obair for-rochtana agus comhairle thrasteorann. Ina theannta sin, seasann CAB ag thart faoi 1,200 binse sochair shóisialta sa bhliain, an foinse cuidithe is mó d’achomhaircóirí i dTuaisceart Éireann.

Déileálann an Comhlachas sa lá inniu le breis agus 250,000 fiosrúchán gach bliain agus tá roinnt príomhchonarthaí aige chun comhairle agus eolas a sheachadadh don phobail ar réimse saincheisteanna. Fuair Comhairle Saoránach conradh ar na mallaibh leis an DETI chun comhairle airgeadais tul i dtul a sholáthar ar fud Thuaisceart Éireann, conradh leis an SSA chun glacadh sochar a uasmhéadú i dTuaisceart Éireann, agus síneadh don chonradh reatha atá aige le HMRC chun an tionscadal leis an Líne Chabhrach um Pá Íosta Náisiúnta do Thuaisceart Éireann a reáchtáil. Bhí páirt ag an eagraíocht freisin i gcomhpháirtíocht trí bhealach a chomhcheanglaíonn seirbhísí i gcúram sláinte, rialtas áitiúil agus soláthar de chomhairle san earnáil dheonach. Mar thoradh air sin, d’aistrigh CAB Bhéal Feirste Thoir chuig Ionad na nAirsí, Ionad nua Cóireála Poiblí agus Cúraim a d’fhorbair Iontaobhas Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta Bhéal Feirste Thoir Theas.

I 2006, tar éis seacht mbliana de phleanáil, tiomsaithe airgid agus dianobair, fuair Oifig Réigiúnach Chomhairle Saoránach foirgneamh nua in Donegall Pass, Béal Feirste. Tá an foirgneamh, ina bhfuil áiseanna oiliúna a tógadh le sainchuspóir, go hiomlán inrochtana agus tá méadú suntasach ar an spás atá ar fáil le haghaidh oiliúna, teicneolaíochta nua agus tionscadal. Soláthraíonn an foirgneamh nua cobhsaíocht tábhachtach airgeadais don Chomhlachas agus tabharfaidh sé tacaíocht de réimse tábhachtach idirghabhálacha sóisialta a dhéanann CAB ar fud Thuaisceart Éireann.

Bhí cur chuige bunaithe ar chearta agus gealltanas CAB le haghaidh córa sóisialta do gach pobal i dTuaisceart Éireann fíorthábhachtach i bhforbairt den Chomhlachas mar chuid lárnach den infreastruchtur sóisialta i dTuaisceart Éireann, rud a leanfaidh ar aghaidh le feidhm na heagraíochta sa todhchaí.